Rannpháirtíocht Pobail
Tá ról tabhachtach le comhlíonadh ag Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (ENR-anna), earnálacha sainleasa, agus ag an bpobal i gcoitinne i ngníomhú an Chreat-Treoir Uisce (CTU). Aithnítear é seo sa Treoir a deireann "the success of the WFD relies on close co-operation and coherent action at Community, Member State and local level as well as on information, consultation and involvement of the public users".
Coinneofear an pobal ar an eolas i dtaobh na bpríomhcheisteanna a thagann chun cinn i rith an tionscnaimh trí theagmháil díreach leo agus trí fheidhm a bhaint as na meáin. Chuige seo beidh liosta d'imeachtaí atá le teacht ar an suíomh idirlín seo le cinntiú go bhfuil a fhios ag dreamanna ar suim leo faoi chainteanna poiblí agus a leithéid.
Tá fíorchaoin fáilte roimh ENR-anna, earnálacha sainleasa agus daoine aonaracha a ndearcadh agus a gcúraimí a nochtadh agus tugtar cuireadh dóibh siúd ar suim leo barúlacha agus tuairimí i scríbhinn ar chúrsaí iomchuí ar bith a bhaineann leis an dtionscnamh a chur isteach. Déanfar na h-aighneachtaí uile a mheas go h-iomlán agus Córas Bhainistíocht Abhantraí NS SHARE á réiteach.








