Síniú Nuacht Téarmaí & Coinníollachaí English

An Próiseas Sonraithe de réir an Chreat-Treoir Uisce

Tá baint ag Airteagal 5 den Chreat-Treoir Uisce le sonrú timpeallachta i gcomhréir an phróiseas pleanála do Bhainistíocht Abhantraí. Is iad na príomheilimintí ná;

  • Sonrú uiscí dromchla agus talún.

San áireamh anseo tá sainiú agus cur síos ar aonaid uisce, agus ina dhiaidh sin aicmiú de réir a sainchineál. Cuirtear Aonaid Uisce in aicmí ag brath ar a dtréithe fisiciúla agus bitheolaíocha (Rangú).

Tugann Sonrú mionléargas ar staid láithreach na n-aonad uisce agus na bplandaí agus na n-ainmhithe a chothaíonn siad. Cabhraíonn sé le straitéis faireacháin a chinneadh agus cruthaíonn bunús do "Chlár na mBeart".

  • Coinníollacha tagartha do stádas maith eiceolaíochta a shainiú do gach aicme d'uisce dromchla.

Is ionann coinníollacha tagartha agus stádas aonad uisce atá a bheag nó a mhór gan teimheal nó slán ó dhrochthionchar, sa gcaoi 's gur pointe tagartha é gur féidir caighdeáin na n-aonad uisce eile a thomhais ina choinne.

  • Brúnna a aithint.

Is gá brúnna tábhachtacha timpeallachta a admháil i gcás gach aonad uisce.

  • Tionchar Ghníomhaíocht Daonna ar stádas uisce dromchla agus talún a mheas leis an seans go dteipfí orainn ár spriocanna timpeallachta a bhaint amach a chur in iúl.

Is gá tionchair, má's léir iad, a mheas chomh maith. Is féidir an chontúirt nach mbainfidh uisce dromchla agus talún stádas maith amach faoi 2015 a thomhais le tacar sonraí faireacháin atá ann cheana agus le cur chuige faisnéiseach.

  • Ainilís Eacnamaíochta ar úsáíd uisce.

Sa Tuarascáil Sonraithe, tugann an t-alt ar ainilís eacnamaíochta tuairim dúinn ar na ceisteanna eacnamaíocha a bhaineann lenár n-acmhainní uisce. San áireamh anseo tá costas seirbhísí uisce agus aisghabháil uisce. Beidh an-tábhacht ag baint leis an ainilís seo ó thaobh Chlár na mBeart de.

Tuarascálacha Achoimre Sonraithe (Airteagal 5)

Tá cruthú an Tuarascáil Achoimre Sonraithe ar cheann de chéad riachtanais an Chreat-Treoir Uisce (Faoi Airteagal 5 na Treorach). Tá gach tír Eorpach freagrach as a Tuarascáil Sonraithe a shaothrú.

Críochnaíodh Tuarascáil Achoimre Sonraithe Airteagal 5 an CTU i Nollaig 2004 ag an Roinn Timpeallachta, Tuaisceart Éireann do cheantair Thuaisceart Éireann, agus ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le tacaíocht ó thionscnamh NS SHARE do cheantair Phoblacht na hÉireann. Tabhair cuairt ar Suíomh Idirlín an tSeirbhís Timpeallachta agus Dúchais le tuarascálacha do Thuaisceart Éireann a fheiscint, agus suíomh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil leo siúd do Phoblacht na hÉireann.

An Tuarascáíl Sonraithe - cad eile?

Is é príomhchuspóir an Tuarascáil Achoimre Sonraithe ná eolas a sholáthar ar an sonrú tosaigh ag leibhéal an Cheantar Abhantraí. Le seo aithnítear aonaid uisce a meastar a "bheith i gcontúirt" nó "gan a bheith i gcontúirt" stádas maith a bhaint amach faoi 2015. Tá an sonrú tosaigh seo thar a bheith tábhachtach mar go gcuidíonn sé:

  • Spriocanna timpeallachta a leagan amach
  • Faireachán a dhíriú ar aonaid uisce is mó i gcontúirt gan a spriocanna cinntithe a bhaint amach
  • Túsphointe a sholáthar do dhearadh Chlár na mBeart - lena chinntiú go sroicheann aonaid uisce na spriocanna timpeallachta atá leagtha amach dóibh

Tar éis sholáthar An Tuarascáíl Achoimre Sonraithe, rachfar i mbun sonrú breise ar aonaid uisce atá "i gcontúirt" (agus "i gcontúirt de réir dealraimh"). Cuirfidh seo le ceapadh an dréachtphlean Bhainistíocht Abhantraí (dlite 2008).

ar ais go barr
Abhainn Fáinne na bhFathach Loch Sessiagh